Loughwell Farm Park - Gaeilge

Gaeilge

 

Nua, mórthaibhseach agus iontach
Tá teaghlach Uí Loideáin i mbun feirmeoireachta i Leamhchoill, Maigh Cuilinn le os cionn 100 bliain agus is mór againn a fhógairt go bhfuil
Páirc Fheirme Leamhchoill
Maigh Cuilinn
á hoscailt do
Iontais na Nollaig
27 Samhain 2010 ag 12.00 meán lae

Gheobhaidh tú go leor le déanamh agus beidh go leor le feiceáil agat i bPáirc Fheirme Leamhchoill - cibé conas mar a bhíonn an aimsir – le gníomhaíochtaí a fhreastalaíonn ar gach aon aoisghrúpa. Tá go leor cineálacha éagsúla ainmhithe againn, gach aon cheann acu sin tarraingteach ina mbealach féin. D’fhéadfá a bheith i mbun spraoi ar feadh an lae inár bpáirc fheirme. Tá an iliomad gníomhaíochtaí ar fáil ar nós, spreang sipe, lúbra burlaí móra tuí, bailte spraoi agus spaisteoireachta, preab chaisleáin, cairín troitheánach, tochaltóirí, dumhcha móra le sleamhnáin agus cuid mhaith eile.

Is díol suntais é an suíomh ina bhfuil Pháirc Fheirme Leamhchoill le cúlra de Chonamara ag 360 céim. Rinneadh an Pháirc Fheirme a dhearadh go cúramach le timpealláin chloiche, crainn feá ar gach aon taobh de na cosáin, bailte spraoi déanta as adhmad, lochán lachan agus baineadh úsáid as ábhair nádúrtha ar nós gaineamh, adhmad, bolláin chloiche srl., ionas go luífeadh an pháirc go nádúrtha leis an tírdhreach i gConamara. Tá clós ar a bhfuil deiceáil ceangailte leis an dá fhoirgneamh mhóra, áit ar féidir le daoine fásta súil a choinneáil ar na leanaí agus iad i mbun spraoi.

Áirítear ar an líon mór ainmhithe ceansa, muca potbelly ramhra, ponaí sealtannach agus capaill beaga, beithígh, caoire, alpacas, gabhair, sicíní, asail, coiníní srl.

Tar go Páirc Fheirme Leamhchoill, Maigh Cuilinn le taitneamh a bhaint as lá iontach spraoi don chlann.

Iontais na Nollaig

Iontais na Nollaig

i

bPáirc Fheirme Leamhchoill

Beidh Téatar an Sciobóil athraithe isteach ina Mol Thuaidh do Dhaidí agus Mamaí na Nollag, Sióg na Nollag agus an chlann ar fad chun iad a bheith ar a gcompoird agus iad ag tabhairt cuairte ar Pháirc Ferime Leamhchoill.

  • Tar agus bí ag spraoi sa sneachta (déanta go speisialta do Dhaidí na Nollag i Leamhchoill)
  • Roinn rúin faoi Dhaidí na Nollag le Mamaí na Nollag
  • Scailtín fíona agus pióga mionra do daoine fásta
  • Bíodh ceacht lámhchleasaíochta agat le Priska – an síogáin cleasaíochta
  • Glac páirt i dtráth na gceist leis an Réinfhia Draíochta.
  • Scríobh litreacha chuig Daidí na Nollag agus postáil iad sa mbosca draíochta
  • Beathaigh na réinfhia agus tú ar eitilt tástála chuig Páirc Fheirme Leamhchoill
  • Tabhair cuairt ar Dhaidí na Nollag agus cois tine ina sheomra suí áit – a bhfaighfidh gach páiste ticéad órga á fháil ag gach leanbh chuig Siopa Bréagán Rúnda Dhaidí na Nollaig - áit a dtabharfaidh síogáin Dhaidí na Nollag cead duit do bhréagán iontach féin a roghnú.

Is mian linn go mbeadh Iontais na Nollaig ina taithí dhraíochta duit féin agus dod chlann agus déanfaimid gach iarracht a chinntiú nach gcuirfear mór moille ort má bhíonn scuaine ann.

Taithí iontach dhraíochta don chlann ar fad

 

In aghaidh an Linbh

In aghaidh an Duine Fásta

Amanna oscailte na Nollag

12.00-6.00pm

Táille Iontrála chuig an Tír Dhraíochtach AGUS chuig Páirc Fheirme Leamhchoill

 

20

euro

8 euro

 

Satharn 27/11

Domhnach 28/11

Aoine 3/12

Satharn 4/12

Domhnach 5 Nollag

Aoine 10 Nollaig

Satharn 11 Nollaig

Domhnach 12 Nollag

Aoine 17 Nollaig

Satharn 18 Nollaig

Domhnach 19 Nollag

Luan 20 Nollaig

Dé Máirt 21 Nollaig

Dé Céadaoin 22 Nollaig

Déardaoin 23 Nollaig

 

 

 

 

 

Ainmhithe

Tá go leor ainmhithe ceansa ag tnúth go mór le casadh leat ag Páirc Fheirme Leamhchoill. Áirítear i measc ár n-ainmhithe, muca, capaillíní, beithígh, caoire, alpacas, gabhair, sicíní, asail, coiníní, réinfhianna, srl

  • Tar agus buail le Patsy, Potsy and Petsy, ár muca potbelly ramhra. Bíonn siad thar a bheith greannmhar le linn am beathaithe agus iad ag éileamh bia agus cigilt!!
  • Bí faoi dhraíocht ag ár n-alpacas spéisiúla Albert, Alfred agus Alex
  • Cad faoi Piny – an capaillín is lú ar leagamar súil riamh uirthi!!!!!
  • Ná déantar dearmad ar Prancer Sóisearach agus ar Dancer Sóisearach - réinfhianna ar eitilt tástála ón Pol Thuaidh
  • Buail le Garrett agus le Gary – na gabhair anglo nubian atá thar a bheith cairdiúil!

Buail leis na hainmhithe sin thuas ar fad agus lena gcairde i bPáirc Fheirme Leamhchoill

Spraoi Spraoi Spraoi

Is ionann cuairt ar Pháirc Fheirme Leamhchoill agus lá iontach amach don teaghlach ar fad, go leor le déanamh agus le feiceáil.

Áirítear ar na saoráidí spraoi:

  • Dhá bhaile spraoi lámhcheardaíochta
  • dumhcha móra le sleamhnáin
  • bosca mór gainimh le bád spraoi
  • luascán cise
  • Dhá bhac-chúrsa adhmaid
  • lúbra burlaí tuí
  • tochaltóirí
  • Gnáth-luascáin, luascáin lapadáin
  • Spreang sipe
  • dhá chineál cairín troitheánach (oiriúnach do leanaí atá níos óige agus do leanaí atá níos sine/do dhaoine fásta)
  • Dioscó tacbh istigh
  • bac-chúrsa ollmhór, preab chaisleán agus meigea-shleamhnán

Tógtar sábháilteacht spraoi i ndáiríre i bPáirc Fheirme Leamhchoill agus tagann an trealamh spraoi ar fad le dian-chaighdeáin AE

Tar go luath agus fan an lá ar fad!

Cóisire

Bíodh do chóisir agat i bPáirc Fheirme Leamhchoill

DÉAN ÁIRITHINT ANOIS trí ghlaoch a chur ar 091 868631 nó ríomhphost a sheoladh chuig: info@loughwellfarmpark.ie

Íosmhéid de 8 leanbh

 

Is 14.95 euro an costas uileghabhálach in aghaidh an linbh agus áirítear air sin cead isteach sa Pháirc Fheirme agus chuig na saoráidí spraoi ar fad chomh maith le béile.

Cá bhfuilimid suite

Tá Páirc Fheirme Leamhchoill 15 nóiméad sa charr ó chathair na Gaillimhe. Tá sí 5km ó Mhaigh Cuilinn ar bhóthair Mhaigh Cuilinn go Spidéil.

 

 

 

In aghaidh an Linbh

In aghaidh an Duine Fásta

Amanna oscailte na Nollag

12.00-6.00pm

Táille Iontrála chuig an Tír Dhraíochtach AGUS chuig Páirc Fheirme Leamhchoill (gach ní san áireamh)

 

 

20

euro

8 euro

 

Satharn 27 Samhain

Domhnach 28 Samhain

Aoine 3 Nollag

Satharn 4 Nollag

Domhnach 5 Nollag

Aoine 10 Nollaig

Satharn 11 Nollaig

Domhnach 12 Nollag

Aoine 17 Nollaig

Satharn 18 Nollaig

Domhnach 19 Nollag

Luan 20 Nollaig

Dé Máirt 21 Nollaig

Dé Céadaoin 22 Nollaig

Déardaoin 23 Nollaig

 

 

 

Cead isteach chuig Páirc Fheirme Leamhchoill agus sin amháin

(ar feadh na bliana)

 

10 euro

 

7 euro

 

 

 

 

Teagmhála

Páirc Fheirme Leamhchoill,

Leamhchoill, Maigh Cuilinn,

Contae na Gaillimhe

Uimhir theileafóin: 091 868631

Ríomhphost: info@loughwellfarmpark.ie

Gréasán: www.loughwellfarmpark.ie